Ní bheidh RnaG ag podcraoladh

July 4th, 2005 | by aobaoill |

Scríobh mé chuig RTE ag moladh go dtosnódh RnaG ag podcraoladh. Fuair mé r-phost inniú freagra inniu ag míniú nach mbeidh RTÉ nó RnaG ag podcraoladh mar:

With regards to the podcast and mp3 issues we can’t do it for legal reasons due with the copyrights of music on the shows and of mp3’s. We recently launched RSS feeds for our news coverage but have no plans to extend this to other services at present.

Níl fhios agam cén fáth nach mbeadh siad in ann an Nuacht nó clár cainte eile a phodcraoladh.
Rud amhain eile – scríobh mé an r-phost í nGaeilge ach scríobh RTÉ í mBéarla. Ach féach ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

Where a person communicates in writing or by electronic mail in an official language with a public body, the public body shall reply in the same language. [Section 9 (2)]

  1. 6 Responses to “Ní bheidh RnaG ag podcraoladh”

  2. By Imeallach on Jul 4, 2005 | Reply

    Sár-obair, a Andrew! Maith an fear! Ní bhfuaireas-sa aon fhreagra ar mo r-phost go dtí rnag@rte.ie.
    B’fhéidir nach bhfuil leigheas ar an bhfadhb le MP3 (níl mórán eolais agam ar an gceist sin). Ach is trua ná cuirfidís RSS ar fáil dos na comhaid RA féin.
    Is dea-scéal é go bhfuil RSS acu anois dos na scéalta nuachta. Nach fíor go mbíonn nascanna ar na leathanaigh sin go dtí comhaid fuaime agus físe RealAudio/Video? Ní bheadh le déanamh acu ach lipéad “enclosure” le nasc don gcomhad sin a chuir san RSS agus bheadh sé ina phodchraoladh!
    Tá an ceart agat i dtaobh an Achta Teangan. Ba chóir duit é a chur in iúil don gCoimisinéir (http://www.coimisineir.ie/)

  3. By dumdum on Aug 18, 2005 | Reply

    feach ag?

  4. By Andrew Ó Baoill on Aug 18, 2005 | Reply

    Ceist maith. Téigh chuig ‘Irishstatutebook.ie’ agus ansin fáigh cóip den Acht. Tá an rud go léir í mBearla – is é ‘The Official Language Act, 2003’ an tidéil í mBearla.

  1. 3 Trackback(s)

  2. Jul 7, 2005: An t-Imeall
  3. Jul 7, 2005: An t-Imeall
  4. Jul 10, 2005:        saschameinrath.com

Sorry, comments for this entry are closed at this time.